13 Agus is i bpáirt leis a roghnaíodh sibhse freisin,nuair a chuala sibhse briathar na fírinneagus dea-scéal bhur slánaithe,nuair a chreid sibh ann agusgur buaileadh oraibh stampa an Spioraid Naoimh a bhí geallta.
14 Is éarlais an Spiorad ar ár n‑oidhreachtnó go bhfaighimid seilbh iomlán uirthi;chun moladh a ghlóire.
15 Sin é an fáth, ón uair a chuala mé iomrá ar an gcreideamh atá agaibhse sa Tiarna Íosa agus ar an ngrá atá agaibh do na naoimh go léir,
16 nar stad mé ach ag gabháil buíochais le Dia ar bhur son agus ag cuimhneamh oraibh i m'urnaithe.
17 Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air.
18 Go soilsítear súile bhur n‑aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa
19 agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh - an chumhacht éachtach úd