10 i dtreo go bhfaigheadh tiarnais agus údaráis na spéire eolas anois tríd an Eaglais ar eagna ilghnéitheach Dé
11 de réir an bheartais shíoraí a chuir sé i bhfeidhm i gCríost Íosa ár dTiarna.
12 Is é Críost a bheir dúinn a bheith teann de bharr ár gcreidimh agus dul go muiníneach i láthair Dé.
13 Impím oraibh, dá bhrí sin, gan bheith domheanmnach mar gheall ar na trioblóidí atá ag cur ormsa ar bhur son, mar is údar glóire daoibh iad.
14 Sin é an fáth a dtéim ar mo ghlúine i bhfianaise an Athar
15 óna n‑ainmnítear gach clann ar neamh agus ar talamh.
16 Go dtuga sé daoibh as ollmhaitheas a ghlóire go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trína Spiorad,