16 Go dtuga sé daoibh as ollmhaitheas a ghlóire go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trína Spiorad,
17 go gcónóidh Críost in bhur gcroí trí chreideamh, go mbeidh sibh préamhaithe agus bunaithe sa ghrá
18 ar shlí go bhféadfaidh sibh féin agus na naoimh go léir fad agus leithead agus airde agus doimhneas [an ghrá] a thuiscint;
19 go gcuirfidh sibh eolas ar ghrá Chríost atá os cionn tuisceana agus go líonfar sibh de líonmhaireacht iomlán Dé.
20 Glóir don té úd ar féidir dó i bhfad níos mó a dhéanamh ná mar a d'iarrfaimisne nó smaoineamh féin air, tríd an gcumhacht atá ag obair ionainn.
21 Glóir go raibh aige san Eaglais agus i gCríost Íosa ó ghlúin go glúin go brách na breithe. Amen.