11 agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh.
12 Mar is náireach le lua féin na nithe a dhéanann siad faoi choim.
13 Gach uile ní a nochtar faoin solas, áfach, éiríonn sé follasach
14 agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear:“Dúisigh a chodlatáin!Éirigh ó na mairbhagus lonróidh Críost ort.”
15 Bígí cúramach faoi bhur gcuid iompair, dá bhrí sin, agus gan a bheith ar nós daoine gan chiall ach ar nós daoine ciallmhara
16 ag cur na huaire chun sochair, mar is olc iad na saolta seo.
17 Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, dá bhrí sin, ach tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna.