16 ag cur na huaire chun sochair, mar is olc iad na saolta seo.
17 Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, dá bhrí sin, ach tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna.
18 Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad,
19 ag rá salm agus iomann agus laoithe spioradálta le chéile, ag cantain agus ag salmaireacht chun an Tiarna in bhur gcroí istigh,
20 ag gabháil buíochais gan stad le Dia an tAthair ar son an uile ní in ainm ár dTiarna Íosa Críost.
21 Bígí géilliúil dá chéile le hómós do Chríost.
22 Bíodh na mná umhal dá gcuid fear mar a bheidís don Tiarna,