21 Bígí géilliúil dá chéile le hómós do Chríost.
22 Bíodh na mná umhal dá gcuid fear mar a bheidís don Tiarna,
23 mar tá an fear ina cheann ar a bhean ar nós mar atá Críost ina cheann ar an Eaglais agus ina shlánaitheoir ar an gcorp.
24 Faoi mar atá an Eaglais faoi smacht Chríost, ar an dála céanná bíodh na mná faoi smacht a gcuid fear i ngach ní.
25 A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais agus thug suas é féin ar a son d'fhonn í a choisreacan do Dhia.
26 Rinne sé í a íonglanadh le briathar i bhfothragadh an uisce
27 d'fhonn í réiteach dó féin ina hEaglais niamhrach, gan smál ná roc uirthi ná aon ní dá shórt ach í naofa gan cháim.