4 Ná bíodh agaibh ach oiread an drochchaint ná an tseafóid ná an magadh, nithe nach n‑oireann; ag gabháil buíochais do Dhia ba chóra daoibh a bheith.
5 Bíodh a fhios seo agaibh: duine ar bith atá tugtha don drúis nó don mhígheanmnaíocht nó don tsaint - rud is ionann agus íoladhradh - níl aon pháirt aige i ríocht Chríost agus Dé.
6 Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire.
7 Ná bíodh aon bhaint agaibhse lena leithéidí;
8 mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais -
9 bíonn toradh an tsolais le feiceáil san uile shórt maitheasa agus fíréantachta agus fírinne.
10 Aimsígí cad é an ní is áil leis an Tiarna