6 Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire.
7 Ná bíodh aon bhaint agaibhse lena leithéidí;
8 mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais -
9 bíonn toradh an tsolais le feiceáil san uile shórt maitheasa agus fíréantachta agus fírinne.
10 Aimsígí cad é an ní is áil leis an Tiarna
11 agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh.
12 Mar is náireach le lua féin na nithe a dhéanann siad faoi choim.