1 A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí, sa Tiarna, mar is é an ceart é.
2 “Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir”; sin í an chéad aithne a bhfuil gealltanas ag dul léi:
3 “ionas go mbeadh an rath ort agus go mbeadh saol fada ar talamh agat.”
4 Agus sibhse, a aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chiapadh, ach iad a thógáil faoi oiliúint agus smacht an Tiarna.
5 A sheirbhíseacha, bígí umhal ómósach do bhur máistrí saolta le dílseacht chroí mar a bheadh sibh do Chríost féin,