15 agus fonn leata dea-scéal na síochána mar bhróga ar bhur gcosa agaibh.
16 Gabhaigí chugaibh i gcónaí an creideamh mar sciath lena bhféadfaidh sibh gach diúracán dearg de chuid an namhad mhallaithe a mhúchadh.
17 Glacaigí an slánú mar chlogad agus briathar Dé mar chlaíomh ón Spiorad.
18 Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.
19 Agus guígí ormsa chomh maith, le hionchas, nuair a osclóidh mé mo bhéal, go dtabharfar dom labhairt go dána agus rún an dea-scéil a fhógairt -
20 an dea-scéal a bhfuilimse i mo thoscaire air agus mé faoi ghlas féin; guígí go ndéanfaidh mé é a fhógairt chomh dána agus is cóir.
21 Tabharfaidh Tichiceas, mo chara ionúin agus mo chúntóir dílis in obair an Tiarna, faisnéis iomlán daoibh fúmsa ionas go mbeidh a fhios agaibh conas táim agus conas atá ag éirí liom.