6 agus gan bheith ag súilseirbhís ar nós lucht lútála ach sibh ag déanamh toil Dé ó chroí mar a dhéanfadh seirbhísigh Chríost.
7 Déanaigí bhur ndualgas le fonn amhail agus dá mba don Tiarna a bheadh sibh ag seirbhís agus nach do dhaoine,
8 agus a fhios agaibh, cibé ní fónta a dhéanann sibh, go bhfaighidh gach duine, saor nó daor, a chúiteamh ón Tiarna.
9 Agus sibhse, a mháistrí, déanaigíse mar an gcéanna dóibh; caithigí uaibh an bhagairt agus bíodh a fhios agaibh go bhfuil an Máistir céanna agaibhse agus acusan ar neamh agus gur cuma leis siúd duine seachas a chéile
10 Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta.
11 Cuirigí iomaibh cathéide Dé chun bheith in ann seasamh in aghaidh chealga an diabhail.
12 Mar ní le naimhde daonna atáimid i ngleic ach le tiarnais agus cumhachtaí agus rialtóirí domhain seo an dorchadais, le hainspridí na bhflaitheas.