10 tá achainí le hiarraidh agam ort ar son Onaesamas, ar son an mhic úd agam a ghineas i ngéibheann.
11 Ba bheag an chabhair duitse tráth é ach is fóinteach duitse agus domsa anois é.
12 Is é cnú mo chroí é ach táim á chur ar ais chugat,
13 cé go mb'fhearr liom é a choimeád agam chun freastal orm thar do cheannsa, fad atáim i ngéibheann ar son an dea-scéil.
14 Ach níor mhaith liom aon ní a dhéanamh gan do cheadsa, le heagla gur faoi éigean a dhéanfá an mhaith agus nach de do dheoin féin é.
15 B'fhéidir gurb é fáth a raibh sé scartha leat ar feadh tamaill, i dtreo go bhfaighfeá seilbh shíoraí air,
16 ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liomsa é nach mó is ansa leatsa é, mar dhuine agus mar Chríostaí.