21 Agus mé á scríobh seo táim cinnte go ndéanfaidh tú rud orm; ní hea, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh tú thar mar a deirim.
22 Rud amháin eile, ar mhiste leat seomra aíochta a ullmhú dom, mar tá súil agam go scaoilfear ar ais chugaibh mé de thoradh bhur n‑urnaithe.
23 Cuireann Eipeafras, mo chomhghéibheannach i gCríost Íosa, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhoibrithe
24 Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna.
25 Grásta an Tiarna Íosa Críost go raibh agaibh.