1 Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.
2 Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ó Íosa Críost ár dTiarna.
3 Gach uair dá gcuimhním oraibh gabhaim buíochas le mo Dhia
4 agus gach uair a bhím ag guí déanaim guí oraibh uile go lúcháireach,
5 mar gheall ar an bpáirt a bhí agaibh sa dea-scéal ón gcéad lá riamh go dtí inniu.
6 Agus táim cinnte den mhéid seo: an té a thosaigh an dea-obair in bhur measc go leanfaidh sé á chur i gcrích go dtí lá Íosa Críost.
7 Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhreacha nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil.