14 Rud eile de, chuir mo chuibhreacha misneach sa Tiarna ar fhormhór mo bhráithre Críostaí i dtreo gur dána ná riamh iad ag fógairt an dea-scéil gan scáth gan eagla.
15 Tá daoine áirithe gan dabht agus is le teann formaid agus aighnis a dhéanann siad Críost a fhógairt ach tá an chuid eile á dhéanamh le dea-rún.
16 Is le neart grá dom atá siadsan ag obair mar go dtuigeann siad gur ag cosaint an dea-scéil atáim ceaptha.
17 Ach an dream atá ag fógairt Chríost le teann mioscaise, ní le hintinn ghlan atá siad á dhéanamh ach d'fhonn anacair a tharraingt ormsa agus mé i ngéibheann.
18 Ach nach cuma é? Mar, cibé acu le cur i gcéill nó le dáiríreacht é, is é Críost atá á fhógairt ar aon chuma agus sin é an rud a chuireann áthas orm; agus leanfaidh mé ag déanamh áthais mar gheall air
19 mar go bhfuil a fhios agam go rachaidh sé chun mo shlánaithe le cabhair bhur n‑urnaithese agus le cúnamh ó Spiorad Íosa Críost.
20 Mar tá súil agus dóchas láidir agam nach gcuirfear aon náire ar aon chor orm ach le gach muinín anois mar ba ghnáth go nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom.