17 Ach an dream atá ag fógairt Chríost le teann mioscaise, ní le hintinn ghlan atá siad á dhéanamh ach d'fhonn anacair a tharraingt ormsa agus mé i ngéibheann.
18 Ach nach cuma é? Mar, cibé acu le cur i gcéill nó le dáiríreacht é, is é Críost atá á fhógairt ar aon chuma agus sin é an rud a chuireann áthas orm; agus leanfaidh mé ag déanamh áthais mar gheall air
19 mar go bhfuil a fhios agam go rachaidh sé chun mo shlánaithe le cabhair bhur n‑urnaithese agus le cúnamh ó Spiorad Íosa Críost.
20 Mar tá súil agus dóchas láidir agam nach gcuirfear aon náire ar aon chor orm ach le gach muinín anois mar ba ghnáth go nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom.
21 Mar is é Críost is beatha domsa agus ba shochar dom an bás.
22 Ar an taobh eile, áfach, má bhíonn rath ar mo shaothar fad a mhairim sa cholainn, ní fheadar cé acu rogha a dhéanfaidh mé.
23 Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór.