20 Mar tá súil agus dóchas láidir agam nach gcuirfear aon náire ar aon chor orm ach le gach muinín anois mar ba ghnáth go nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom.
21 Mar is é Críost is beatha domsa agus ba shochar dom an bás.
22 Ar an taobh eile, áfach, má bhíonn rath ar mo shaothar fad a mhairim sa cholainn, ní fheadar cé acu rogha a dhéanfaidh mé.
23 Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór.
24 Ach is riachtanaí go bhfanfainn sa cholainn ar mhaithe libhse.
25 Ós deimhin liom sin, tá a fhios agam go bhfanfaidh mé ann go fóill chun cuidiú libhse uile d'fhonn bhur gcreideamh a chur chun cinn agus bhur lúcháir ann a mhéadú,
26 i dtreo nuair a thiocfaidh mé arís chugaibh go mbeidh sibh níos bródúla ná riamh asam in Íosa Críost.