27 Ní mór daoibh, áfach, bhur saol a thabhairt go fiúntach de réir dea-scéal Chríost. Sa tslí sin, cibé acu a thagaim do bhur bhfeiceáil nó a bheidh mé i bhfad uaibh, beidh sé le clos agam in bhur dtaobh go bhfuil sibh ag seasamh an fhóid san aon spiorad agus ag troid gualainn ar ghualainn d'aontoil ar son chreideamh an dea-scéil,
28 agus gan eagla ar bith oraibh roimh bhur naimhde. Is cruthú é sin go bhfuil bascadh i ndán dóibhsean ag Dia agus bhur slánú i ndán daoibhse.
29 Mar tá sé faighte de phribhléid agaibhse as ucht Chríost ní amháin creideamh a bheith agaibh ann ach fulaingt ar a shon chomh maith.
30 Tá an comhrac céanna le tabhairt agaibhse a chonaic sibh á thabhairt agamsa agus a chloiseann sibh a bheith á thabhairt agam anois féin.