14 Déanaigí gach ní gan chasaoid ná argóint, ar shlí go mbeadh sibh gan locht gan urchóid, in bhur gclann gan cháim ag Dia i lár glúine atá truaillithe claon
15 agus go mbeadh sibh chomh feiceálach ina measc le soilse na cruinne
16 mar go bhfuil scéal na beatha le tairiscint agaibh dóibh. Dá chionn beidh sé le maíomh agamsa lá Chríost nach in aisce a thug mé mo chúrsa agus nach in aisce a rinne mé saothar.
17 Fiú amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an íobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhur gcreideamh, tá áthas orm faoi agus déanaim comhghairdeas libh uile.
18 Bíodh an t‑áthas céanna oraibhse agus déanaigí comhghairdeas liomsa.
19 Tá súil agam, le toil an Tiarna Íosa, nach fada go gcuirfidh mé Tiomóid chugaibh le hionchas go gcuirfeadh bhur dtuairisc éirí croí orm.
20 Níl aon duine agam atá chomh báúil leis-sean ná chomh himníoch dáiríre fúibhse.