24 Agus tá súil agam sa Tiarna nach fada go mbeidh mé féin chugaibh chomh maith.
25 Measaim, áfach, nach mór dom mo bhráthair Eapafraidíteas a chur chugaibh. Is comhoibrí agus comhthrodaí liom é agus is sibhse féin a sheol chugam ina theachta é chun riar mo cháis a sholáthar dom.
26 Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite.
27 Agus is é a bhí breoite go deimhin agus i mbéala an bháis féin, ach rinne Dia trócaire air - agus ní air sin amháin é ach ormsa freisin mar gur shábháil sé ó bhrón ar bhrón mé.
28 Is móide dá chionn sin an fonn atá orm é a chur ar ais chugaibh mar go mbeidh áthas oraibhse é a fheiceáil agus go laghdóidh sin mo bhuairtse.
29 Cuirigí fíorchaoin fáilte roimhe sa Tiarna dá bhrí sin, agus bíodh meas agaibh ar a leithéid 30 mar is ar mhaithe le gnó an Tiarna a chuaigh sé i mbaol an bháis agus chuir a bheo i bhfiontar ag tabhairt na cabhrach domsa a bhí thar bhur gcumas-sa a thabhairt.