14 agus leanúint orm faoi dhéin na sprice nó go mbeidh an duais bainte agam - an ghairm in airde a tháinig ó Dhia in Íosa Críost.
15 An méid againn atá tagtha in inmhe fir, bíodh an dearcadh sin againn. Ach má tá a mhalairt de dhearcadh agaibhse faoi rud ar bith, cuirfidh Dia ar an eolas sibh faoi sin freisin.
16 Cibé scéal é leanaimis den bhóthar atá gafa againn go dtí seo.
17 Déanaigí aithris ormsa le chéile, a bhráithre. Bígí ag faire ar na daoine a dhéanann de réir an tsampla a thugaimid daoibh.
18 Is minic ráite agam cheana libh - agus deirim libh anois é go deorach - go bhfuil mórán ag imeacht ina naimhde do chros Chríost.
19 Is é a mbascadh is dán dóibh sin; níl de Dhia acu ach a mbolg agus iad bródúil as a gcuid mínáire agus gan ach nithe saolta ina gceann acu.
20 Ar neamh atá ár mbaile dúchais againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íosa Críost.