1 Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine na pairte, ós sibhse m'aoibhneas agus mo chuid den saol, seasaigí go daingean sa Tiarna, a chairde cléibh.
2 Impím ar Euoidia agus ar Shinticé teacht chun muintearais le chéile sa Tiarna;
3 agus iarraim ortsa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liomsa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimins agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.
4 Bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh.
5 Bíodh bhur gceansacht le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna.