11 Ní ag casaoid faoin ngannchúis atáim mar tá foghlamtha agamsa bheith sásta lena bhfuil agam.
12 Tá eolas agam ar an gcaolchuid agus ar an bhflúirse. Tá seantaithí agam ar gach sórt: ar an mórdhóthain agus ar an ocras, ar an bhflúirse agus ar an ngannchuid.
13 Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.
14 Mar sin féin ba mhaith an mhaise daoibhse teacht i gcabhair orm i mo chruachás.
15 Tá a fhios agaibh féin, a mhuintir Fhilipí, nuair a d'fhág mé an Mhacadóin ag tosú ar an tsoiscéalaíocht, nach ndeachaigh aon eaglais i bpáirtíocht ná i gcomhar liom sa ghnó ach sibhse amháin.
16 Agus le linn dom bheith i dTeasaloinicé, chuir sibh riar mo cháis chugam, agus ní aon uair amháin é ach faoi dhó.
17 Ach ní hé bhur síntiús is mór agamsa ach an brabach iomadúil atá ag dul daoibh.