12 Tá eolas agam ar an gcaolchuid agus ar an bhflúirse. Tá seantaithí agam ar gach sórt: ar an mórdhóthain agus ar an ocras, ar an bhflúirse agus ar an ngannchuid.
13 Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.
14 Mar sin féin ba mhaith an mhaise daoibhse teacht i gcabhair orm i mo chruachás.
15 Tá a fhios agaibh féin, a mhuintir Fhilipí, nuair a d'fhág mé an Mhacadóin ag tosú ar an tsoiscéalaíocht, nach ndeachaigh aon eaglais i bpáirtíocht ná i gcomhar liom sa ghnó ach sibhse amháin.
16 Agus le linn dom bheith i dTeasaloinicé, chuir sibh riar mo cháis chugam, agus ní aon uair amháin é ach faoi dhó.
17 Ach ní hé bhur síntiús is mór agamsa ach an brabach iomadúil atá ag dul daoibh.
18 Tá mo dhóthain agamsa anois agus breis. Tá flúirse agam ó fuair mé bhur síntiús ó Eapafraidíteas. Is geall le boladh cumhra an síntiús sin nó le híobairt thaitneamhach a shásódh Dia.