19 Agus déanfaidh mo Dhia riar go fial ar gach riachtanas daoibhse as a fhlúirse féin i nglóir in Íosa Críost.
20 Moladh le Dia, ár nAthair, le saol na saol. Amen.
21 Beirigí beannacht chun gach duine den phobal naofa in Íosa Críost. Cuireann na bráithre atá in éineacht liom a mbeannacht chugaibhse.
22 Cuireann an pobal naofa uile anseo a mbeannacht chugaibh agus iad sin go háirithe a bhaineann le teaghlach Chéasair.
23 Grásta an Tiarna Íosa Críost go raibh agaibh uile.