2 go dtí an lá a tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige.
3 I ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé.
4 Uair dá raibh sé ina gcuibhreann d'ordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air:
5 rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibhse a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.”
6 Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad á cheistiú: “A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a athbhunú?”
7 Ach d'fhreagair sé iad: “Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin.
8 Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”