23 Chuir siad beirt ar aghaidh: Iósaef dá ngoirtí Barsabas agus dar chomhainm Iústas, agus Maitias.
24 Agus rinne siad guí mar seo: “A Thiarna,” ar siad, “ós tú a léann croí an uile dhuine, taispeáin dúinn cé acu den bheirt seo atá tofa agat
25 chun dul i mbun an chúraim aspalda seo ar thréig Iúdás é chun dul ina áit féin.”
26 Agus chuir siad ar chrainn é agus thit an crann ar Mhaitias agus airíodh ar an [dáréag] aspal é.