26 Tá gliondar ar mo chroí dá chionnagus tá meidhir ar mo theanga.Tá mo cholainn féin faoi shuaimhneas le dóchas,
27 mar ní fhágfaidh tú mé i riocht na marbhná ní ligfidh tú do do neach naofa an meathlú a fhulaingt.
28 Thaispeáin tú dom bóthar na beathaagus líonfaidh tú mé le háthas i do láthair.
29 “Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n‑ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu.
30 Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a ríchathaoir,
31 is ag cur síos a bhí sé, as a réamheolas, ar aiséirí Chríost mar ‘níor fágadh i riocht na marbh é agus níor fhulaing a cholainn an meathlú’.
32 Thóg Dia an Íosa seo ó mhairbh, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air.