37 Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”
38 Agus d'fhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh;
39 mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl - don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.”
40 Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: “Sabháiligí sibh féin,” ar seisean leo, “ón nglúin chlaon seo.”
41 An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.
42 Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n‑aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.
43 Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí á dhéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách.