1 Bhí Peadar agus Eoin lá ag dul suas chun an Teampaill i gcomhair urnaithe an tráthnóna
2 agus bhí fear á iompar ann a bhí ina mhairtíneach as broinn a mháthar agus shínidís gach lá é ag geata an Teampaill, ag an nGeata Álainn mar a thugtaí air, chun déirc a iarraidh ar an muintir a bhíodh ag dul isteach sa Teampall.
3 Nuair a chonaic sé Peadar agus Eoin ar tí dul isteach, d'iarr sé déirc orthu.
4 Stán Peadar air agus Eoin chomh maith. “Féach orainn,” arsa Peadar leis,
5 agus d'fhéach sé orthu go daingean le súil go bhfaigheadh sé rud éigin uathu.
6 Ach dúirt Peadar leis: “Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost an Nazórach, siúil.”