14 Sea, shéan sibh an té a bhí naofa fíréan agus d'iarr sibh go scaoilfí saor chugaibh dúnmharfóir.
15 Chuir sibh taoiseach na beatha chun báis! Thóg Dia ó mhairbh é, áfach, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air.
16 “Is é an t‑ainm sin Íosa agus an creideamh atá againne ann a thug a lúth agus a neart don fhear seo a fheiceann sibh os bhur gcomhair agus a bhfuil aithne agaibh air. Is é an creideamh úd, a thagann trí Íosa, a d'fhág an fear seo slán folláin in bhur bhfianaise uile.
17 “Anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le barr aineolais a rinne sibh na nithe sin agus bhur gcinn urra mar an gcéanna.
18 Ar an gcuma sin is ea a thug Dia chun críche an rud úd a bhí réamhfhógartha aige trí bhéal na bhfáithe uile: nárbh fholáir dá Mheisias an pháis a fhulaingt.
19 Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí,
20 nó go dtiocfaidh tréimhse an fhaoisimh chugaibh ó láthair an Tiarna agus go seolfaidh sé chugaibh Íosa, an Meisias atá in áirithe aige daoibh.