19 Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí,
20 nó go dtiocfaidh tréimhse an fhaoisimh chugaibh ó láthair an Tiarna agus go seolfaidh sé chugaibh Íosa, an Meisias atá in áirithe aige daoibh.
21 Mar ní mór do na flaithis é a choinneáil go dtí go mbeidh gach ní curtha ina cheart arís faoi mar a d'fhógair Dia trí bhéal na bhfáithe naofa fadó.
22 Is é a dúirt Maois, mar shampla: ‘Ardóidh an Tiarna bhur nDia fáidh daoibh ó lár bhur mbráithre féin, faoi mar a d'ardaigh sé mise. Éistigí le gach ní dá ndéarfaidh sé sin libh.
23 Duine ar bith nach n‑éisteoidh leis an bhfáidh sin, dísceofar as an bpobal é.’
24 Gach fáidh dár labhair libh ó Shamúéil anuas, d'fhógair sé na laethanta seo.
25 Is sibhse oidhrí na bhfáithe agus oidhrí an chonartha a rinne Dia le bhur n‑aithreacha nuair a dúirt sé le hAbrahám: ‘Gach cine ar talamh, beannófar é i do shliochtsa.’