22 Is é a dúirt Maois, mar shampla: ‘Ardóidh an Tiarna bhur nDia fáidh daoibh ó lár bhur mbráithre féin, faoi mar a d'ardaigh sé mise. Éistigí le gach ní dá ndéarfaidh sé sin libh.
23 Duine ar bith nach n‑éisteoidh leis an bhfáidh sin, dísceofar as an bpobal é.’
24 Gach fáidh dár labhair libh ó Shamúéil anuas, d'fhógair sé na laethanta seo.
25 Is sibhse oidhrí na bhfáithe agus oidhrí an chonartha a rinne Dia le bhur n‑aithreacha nuair a dúirt sé le hAbrahám: ‘Gach cine ar talamh, beannófar é i do shliochtsa.’
26 Nuair a thóg Dia a sheirbhíseach is chugaibhse is túisce a chuir sé é chun go mbeannódh sé sibh trí gach duine agaibh a iompú óna chuid urchóide.”