3 Nuair a chonaic sé Peadar agus Eoin ar tí dul isteach, d'iarr sé déirc orthu.
4 Stán Peadar air agus Eoin chomh maith. “Féach orainn,” arsa Peadar leis,
5 agus d'fhéach sé orthu go daingean le súil go bhfaigheadh sé rud éigin uathu.
6 Ach dúirt Peadar leis: “Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost an Nazórach, siúil.”
7 Leis sin rug sé ar láimh dheas air agus thóg aníos é. Ar an mball tháinig lúth sna cosa agus sna hailt aige,
8 léim sé ina sheasamh agus chrom sé ar shiúl, agus isteach leis sa Teampall in éineacht leo, ag siúl agus ag léimneach agus ag moladh Dé.
9 Thug an pobal go léir faoi deara é ag léimneach agus ag moladh Dé