1 Fad a bhí siad ag caint leis an slua, tháinig na sagairt agus ceannfort an Teampaill agus na Sadúcaigh suas chucu
2 agus olc orthu i dtaobh iad a bheith ag múineadh an phobail agus ag fógairt aiséirí na marbh i [bpearsa] Íosa.
3 Ghabh siad Peadar agus Eoin agus chuir i bpríosún iad go dtí an lá arna mhárach, mar bhí sé ina thráthnóna faoin am seo.
4 Mórán dá raibh ag éisteacht leis an teachtaireacht, áfach, chreid siad, agus bhí tuairim is cúig mhíle fear acu ann.
5 Lá arna mhárach bhailigh ceannairí na nGiúdach agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile in Iarúsailéim.
6 Bhí Annas ardsagart ann, agus Cáiafas agus Eoin agus Alastar agus iad siúd a bhain leis an sliocht ardsagartúil.