14 Ach ag breathnú dóibh ar an bhfear a leigheasadh agus é ina sheasamh láimh leo ní raibh aon fhreagra acu orthu.
15 Mar sin de, d'ordaigh siad dóibh dul amach as halla na sainidríne agus chuaigh siad féin i gcomhairle le chéile.
16 “Cad a dhéanfaimid leis na daoine seo?” ar siad. “Tá míorúilt shuntasach déanta acu, rud is follas d'áitritheoirí Iarúsailéim ar fad, agus ní féidir dúinne é a shéanadh.
17 Ach i dtreo nach leathfadh an scéal seo níos mó i measc an phobail, déanaimis bagairt orthu gan labhairt go deo arís faoin duine seo le neach ar bith.”
18 Ghlaoigh siad chucu ansin iad agus thug foláireamh dóibh gan caint ná teagasc a dhéanamh ar chor ar bith in ainm Íosa.
19 D'fhreagair Peadar agus Eoin iad, áfach: “Fágaimid fúibh féin a mheas,” ar siad, “cé acu is córa dúinn i bhfianaise Dé, rud a dhéanamh oraibhse nó ar Dhia.
20 Mar ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn.”