17 Ach i dtreo nach leathfadh an scéal seo níos mó i measc an phobail, déanaimis bagairt orthu gan labhairt go deo arís faoin duine seo le neach ar bith.”
18 Ghlaoigh siad chucu ansin iad agus thug foláireamh dóibh gan caint ná teagasc a dhéanamh ar chor ar bith in ainm Íosa.
19 D'fhreagair Peadar agus Eoin iad, áfach: “Fágaimid fúibh féin a mheas,” ar siad, “cé acu is córa dúinn i bhfianaise Dé, rud a dhéanamh oraibhse nó ar Dhia.
20 Mar ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn.”
21 Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach.
22 An fear ar tharla an mhíorúilt leighis seo dó, bhí sé os cionn daichead bliain d'aois.
23 Tar éis a scaoilte chuaigh siad go dtí a muintir féin agus thug tuairisc dóibh ar gach ní dá ndúirt na hardsagairt agus na seanóirí leo.