28 agus rinne siad an ní a bhí ceaptha agatsa a thitim amach le do chumhacht agus le do chomhairle féin.
29 Agus anois, a Thiarna, tabhair do d'aire a gcuid bagartha agus deonaigh do do sheirbhísigh do theachtaireacht a fhógairt go seasmhach dána.
30 Sín amach do dheaslámh chun leigheas agus míorúiltí agus éachtaí a dhéanamh in ainm do sheirbhísigh naofa, Íosa.”
31 Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt teachtaireacht Dé go teann dána.
32 Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu.
33 Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile.
34 Agus ní raibh duine ar bith acu ar an ngannchuid: iad siúd a raibh talamh nó tithe acu, dhíolaidís amach iad