33 Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile.
34 Agus ní raibh duine ar bith acu ar an ngannchuid: iad siúd a raibh talamh nó tithe acu, dhíolaidís amach iad
35 agus thugaidís suas a luach do na haspail agus roinntí amach ar chách é de réir mar bhíodh sé ina ghá.
36 Cuirim i gcás bhí gort ag Léivíteach ón gCipir darbh ainm Iósaef - Barnabas a thugadh na haspail air, ainm a chiallaíonn “Mac an tSóláis”.
37 Dhíol sé an gort, rug leis an luach agus thug suas do na haspail é.