4 Mórán dá raibh ag éisteacht leis an teachtaireacht, áfach, chreid siad, agus bhí tuairim is cúig mhíle fear acu ann.
5 Lá arna mhárach bhailigh ceannairí na nGiúdach agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile in Iarúsailéim.
6 Bhí Annas ardsagart ann, agus Cáiafas agus Eoin agus Alastar agus iad siúd a bhain leis an sliocht ardsagartúil.
7 Chuir siad na haspail ina seasamh i lár baill agus rinne siad iad a cheistiú: “Cén chumhacht,” ar siad, “nó cén t‑ainm lena ndearna sibh an ní seo?”
8 Ansin d'fhreagair Peadar iad agus é lán den Spiorad Naomh: “A cheannairí an phobail,” ar seisean, “agus a sheanóirí,
9 más mar gheall ar mhaith a dhéanamh do dhuine easlán atáimidne dár scrúdú inniu agus mar gheall ar an tslí inar leigheasadh é,
10 bíodh a fhios agaibhse go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach - an fear a chéas sibhse ar chrois ach ar thóg Dia ó mhairbh é - gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte.