9 más mar gheall ar mhaith a dhéanamh do dhuine easlán atáimidne dár scrúdú inniu agus mar gheall ar an tslí inar leigheasadh é,
10 bíodh a fhios agaibhse go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach - an fear a chéas sibhse ar chrois ach ar thóg Dia ó mhairbh é - gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte.
11 Is é seo ‘an chloch dar dhiúltaigh sibhse, na saoir, agus a ndearnadh di ceann an chúinne,’
12 níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”
13 Nuair a chonaic siadsan a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gháthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. D'aithin siad ansin gur chomrádaithe d'Íosa ba ea iad.
14 Ach ag breathnú dóibh ar an bhfear a leigheasadh agus é ina sheasamh láimh leo ní raibh aon fhreagra acu orthu.
15 Mar sin de, d'ordaigh siad dóibh dul amach as halla na sainidríne agus chuaigh siad féin i gcomhairle le chéile.