3 Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo.
4 Agus leanfaimidne den urnaí agus de sheirbhís an bhriathair.”
5 Bhí an slua iomlán sásta leis an moladh sin agus roghnaigh siad na daoine seo a leanas: Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, Pilib agus Prochonór, Níocanór agus Tiomón, Parmanas agus Nioclás, léivíteach ó Aintíoch.
6 Thug siad i láthair na n‑aspal iad, agus tar éis dóibh sin urnaí a dhéanamh leag siad a lámha orthu.
7 De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méad as cuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh.
8 Bhí Stiofán lán de ghrásta agus de chumhacht agus é ag déanamh éachtaí agus míorúiltí taibhseacha i measc an phobail.
9 Bhí daoine áirithe de chuid “Sionagóg na Saorfhear” mar a thugtaí uirthi - daoine ó Chuiréiné agus ó Chathair Alastair, ón tSiléis agus ón Áise, agus thosaigh siad ag argóint le Stiofán