13 Ar an dara turas nocht Iósaef é féin dá dheartháireacha agus fuair Forann fios cér díobh é Iósaef.
14 Ansin chuir Iósaef fios ar a athair, Iacób, agus ar an teaghlach go léir, cúig dhuine seachtód díobh san iomlán.
15 Chuaigh Iacób síos chun na hÉigipte, áit a bhfuair sé bás, é féin agus ár n‑aithreacha.
16 Aistríodh a gcoirp go Seicim, áfach, agus cuireadh iad sa tuama úd a bhí ceannaithe ann ag Abrahám ar shuim airgid ó chlann Eamór i Seicim.
17 “Nuair a bhí an t‑am ag teacht go gcomhlíonfaí an gealltanas a thug Dia d'Abrahám, bhí ár muintir san Éigipt dulta i méad agus i líonmhaireacht
18 nó gur tháinig rí i gcoróin ann nárbh aithnid dó Iósaef.
19 D'imir an rí seo calaois ar ár gcine. Rinne sé leatrom ar ár sinsir agus chuir d'fhiacha orthu a leanaí a chaitheamh amach i dtreo nach mairfidís.