16 Aistríodh a gcoirp go Seicim, áfach, agus cuireadh iad sa tuama úd a bhí ceannaithe ann ag Abrahám ar shuim airgid ó chlann Eamór i Seicim.
17 “Nuair a bhí an t‑am ag teacht go gcomhlíonfaí an gealltanas a thug Dia d'Abrahám, bhí ár muintir san Éigipt dulta i méad agus i líonmhaireacht
18 nó gur tháinig rí i gcoróin ann nárbh aithnid dó Iósaef.
19 D'imir an rí seo calaois ar ár gcine. Rinne sé leatrom ar ár sinsir agus chuir d'fhiacha orthu a leanaí a chaitheamh amach i dtreo nach mairfidís.
20 “Ag an am seo is ea a rugadh Maois. Ba an-chaithiseach an leanbh é agus oileadh ar feadh trí mhí i dteach a athar é
21 ach nuair a cuireadh amach é, thóg iníon Fhorainn é agus rinne sí é a oiliúint amhail is dá mba mhac léi féin é.
22 Múineadh eagna uile na nÉigipteach dó agus is é a bhí cumasach i mbriathar agus i ngníomh.