2 “A bhráithre agus a aithreacha,” ar seisean, “éistigí liom. Thaispeáin Dia na Glóire é féin dár n‑athair Abrahám nuair a bhí sé sa Mheaspatáim sula ndeachaigh sé chun cónaithe i gCáran
3 agus dúirt sé leis: ‘Fág do thír agus do mhuintir agus gluais leat chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit.’
4 Leis sin d'fhág sé Caildéa agus chuaigh chun cónaithe i gCáran. Agus tar éis bháis a athar, d'aistrigh Dia as sin é chun na tíre ina bhfuil sibhse in bhur gcónaí anois.
5 Níor thug Dia seilbh dó, áfach, ar oiread agus fód de thalamh na tíre: ach gheall sé go dtabharfadh sé dó é agus dá shliocht ina dhiaidh, siúd is nach raibh aon sliocht air san am.
6 Seo mar a labhair Dia: ‘Beidh do shliocht ar deoraíocht i dtír iasachta, agus cuirfear faoi dhaorsmacht agus faoi leatrom iad go ceann ceithre chéad bliain;
7 ach an cine a mbeidh siad faoi dhaoirse acu, tabharfaidh mé daorbhreith orthu,’ arsa an Tiarna, ‘agus ina dhiaidh sin tiocfaidh siad amach as an tír sin agus tabharfaidh ómós domsa san áit seo.’
8 “Ansin rinne Dia conradh an timpeallghearrtha leis, agus mar sin nuair a rugadh Íosác, rinne Abrahám é a thimpeallghearradh ar an ochtú lá. Rinne Íosác an rud céanna le Iacób agus rinne Iacób é leis an dáréag uasalaithreacha.