23 “Bhí sé ag tarraingt ar an daichead nuair a bhuail an smaoineamh é dul ag fiosrú a mhuintire féin, clann Iosrael.
24 Nuair a chonaic sé éagóir á dhéanamh ar dhuine acu, chuaigh sé á chosaint, threascair sé an tÉigipteach agus bhain díoltas amach don té a ndearnadh éagóir air.
25 Mheas sé go dtuigfeadh a mhuintir gur á bhfuascailt a chuir Dia chucu é, ach níor thuig.
26 Lá arna mhárach tháinig sé orthu agus iad ag bruíon le chéile agus nuair a d'fhéach sé le síocháin a dhéanamh eatarthu, á rá: ‘A fheara, nach bráithre sibh? Cad uime a bhfuil sibh ag déanamh éagóra ar a chéile?’
27 An fear a bhí ag déanamh na héagóra ar a chomharsa, bhrúigh sé Maois uaidh á rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do bhreitheamh orainn?
28 An mé a mharú is áil leat mar a mharaigh tú an tÉigipteach úd inné?’
29 Ar chlos na cainte sin do Mhaois, theith sé agus bhí sé ina dheoraí i Midián, áit ar ghin sé beirt mhac.