39 Ach ní ghéillfeadh ár sinsir dó: thug siad droim láimhe dó agus d'iompaigh a gcroí ar an Éigipt athuair,
40 á rá le hÁrón: ‘Déan dúinn déithe a ghluaisfidh romhainn. An Maois seo a sheol as tír na hÉigipte sinn, ní fheadramar cad a d'imigh air,’
41 agus rinne siad íomhá lao sna laethanta sin agus d'ofráil íobairt don íol agus rinne siad aoibhneas as saothar a lámh.
42 Ach d'iompaigh Dia uathu agus lig dóibh adhradh a thabhairt do na ranna neimhe de réir mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe:‘Ní domsa a thug sibh tíolacthaí agus íobairtar feadh daichead bliain san fhásach,a theaghlach Iosrael;
43 is both Mholoch a rinne sibh a iomparagus réalt Reafas, bhur ndia;b'shin iad na híomhánna a rinne sibh le hadhradhagus díbreoidh mé sibh thar Bablóin soir.’ ”
44 “Bhí both an fhoilsithe ag ár sinsir san fhásach. An té úd a bhíodh ag labhairt le Maois, d'ordaigh sé dó í a dhéanamh de réir an phatrúin a bhí feicthe aige.
45 Fuair an chéad ghlúin eile dár sinsir í mar oidhreacht agus thug siad féin agus Iósua isteach leo í i ndúiche na gciníocha a ruaig Dia amach rompu; agus d'fhan sí ann go dtí aimsir Dháiví.