43 is both Mholoch a rinne sibh a iomparagus réalt Reafas, bhur ndia;b'shin iad na híomhánna a rinne sibh le hadhradhagus díbreoidh mé sibh thar Bablóin soir.’ ”
44 “Bhí both an fhoilsithe ag ár sinsir san fhásach. An té úd a bhíodh ag labhairt le Maois, d'ordaigh sé dó í a dhéanamh de réir an phatrúin a bhí feicthe aige.
45 Fuair an chéad ghlúin eile dár sinsir í mar oidhreacht agus thug siad féin agus Iósua isteach leo í i ndúiche na gciníocha a ruaig Dia amach rompu; agus d'fhan sí ann go dtí aimsir Dháiví.
46 Fuair Dáiví gean ó Dhia agus d'iarr sé cead air áitreabh a fháil do Dhia Iacóib.
47 Ach ba é Solamh a thóg teach dó.
48 Ar a shon sin ní chónaíonn an té is airde i dtithe lámhdhéanta, de réir mar a deir an fáidh:
49 ‘Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga,agus an talamh stól mo chos.Cén sórt tí a thógfaidh sibhse dom, arsa an Tiarna,nó cá mbeidh m'áit chónaithe?