47 Ach ba é Solamh a thóg teach dó.
48 Ar a shon sin ní chónaíonn an té is airde i dtithe lámhdhéanta, de réir mar a deir an fáidh:
49 ‘Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga,agus an talamh stól mo chos.Cén sórt tí a thógfaidh sibhse dom, arsa an Tiarna,nó cá mbeidh m'áit chónaithe?
50 Nach í mo lámhsa a rinne na nithe seo uile?’ ”
51 “Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.
52 Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géarleanúint air? Agus d'imir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibhse tar éis é a bhrath agus a chur chun báis,
53 sibhse a fuair an dlí trí bhíthin na n‑aingeal ach nár choimeád é.”