52 Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géarleanúint air? Agus d'imir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibhse tar éis é a bhrath agus a chur chun báis,
53 sibhse a fuair an dlí trí bhíthin na n‑aingeal ach nár choimeád é.”
54 Chuaigh an chaint sin trí chroí a lucht éiste agus tháinig díoscán fiacla orthu chuige.
55 Ach bhí seisean lán den Spiorad Naomh, agus, ag féachaint in airde chun na bhflaitheas dó, chonaic sé glóir Dé agus Íosa ina sheasamh ar dheis Dé.
56 “Féach,” ar seisean, “feicim na flaithis ar oscailt agus Mac an Duine ina sheasamh ar dheis Dé.”
57 Leis sin lig siad béic ard astu agus gan éisteacht le focal eile thug siad ruathar faoi in éineacht,
58 thiomáin amach as an gcathair é agus thosaigh siad ar ghabháil de chlocha air. D'fhág na finnéithe a mbrait ag cosa ógfhir darbh ainm Sól.